Conas a bhainimid úsáid as do shonraí? An freagra gairid ná nach n-úsáidimid iad.
Má ghlacann tú páirt i gceann dár ngníomhaíochtaí feachtais b'fhéidir go dtabharfaidh tú d'ainm agus do sheoladh ríomhphoist, ach ní fheicimid ná ní choinnímid na sonraí seo. Má chláraíonn tú chun nuashonruithe feachtais a fháil tugann tú d'ainm agus do sheoladh ríomhphoist agus stóráiltear iad seo go slán agus ní roinnfear iad le tríú páirtithe choíche.
Ag am ar bith is féidir leat díliostáil ónár liosta seoltaí agus má dhéanann tú amhlaidh, scriosfar do shonraí pearsanta (ainm agus seoladh ríomhphoist) láithreach.
Bainimid úsáid as bogearraí anailísíochta ar ár suíomh mar go dteastaíonn uainn tuiscint a fháil ar conas a úsáidtear é. Cuidíonn sé seo linn forbairt níos fearr a dhéanamh ar ábhar agus feidhmiúlacht do na húsáideoirí.
Baineann na bogearraí seo úsáid as fianán an-bhunúsach a ligeann dúinn minicíocht an tsuímh a thomhas. Bíonn smacht agatsa, an t-úsáideoir, i gcónaí ar na fianáin a cheadaíonn tú i socruithe do bhrabhsálaí gréasáin. Is féidir leat iad a léamh, a dhiúltú nó a scriosadh ag am ar bith.
Chun anailís a dhéanamh ar thrácht an tsuímh úsáidimid Matomo, bogearra saor in aisce agus foinse oscailte a chloíonn go hiomlán leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí atá cumhdaithe i ndlí an AE. Tá meas iomlán aige ar do phríobháideachas, agus mar gheall go n-úsáidimid an bogearra seo (seachas Google Analytics níos ionsáite agus níos maslaí atá in úsáid ar fhormhór na suíomhanna) ní gá dúinn thú a chrá le teachtaireachtaí ag iarraidh ort cead a thabhairt d'úsáid fianán.