Ní raibh riamh níos mó éilimh ann go mbeadh deis ag ár bpáistí oideachas a fháil trí Ghaeilge ina bpobail féin, agus beagnach 50% de dhaoine ag iarraidh an rogha seo.1
Mar sin féin, toisc nach bhfuil sainordú tugtha don Roinn Oideachais riamh trí reachtaíocht chun oideachas lán-Ghaeilge a sholáthar, cuirtear cosc ar fhormhór ár bpáistí an rogha seo a dhéanamh. Lasmuigh den Ghaeltacht, níl ach 2.5% de pháistí in ann a gcuid oideachais a chríochnú trí Ghaeilge faoi láthair.
Mar thoradh ar an easpa reachtaíochta seo, tá nósanna imeachta na Roinne Oideachais maidir le scoileanna nua a bhunú, ag déanamh idirdhealú i gcoinne gaelscoileanna agus gaelcholáistí. Le 15 bliana anuas, rinneadh iarratais ar 60 scoil nua lán-Ghaeilge ach níor ceadaíodh ach 10 gcinn dóibh. Faoi láthair, níl aon phlean ag an Roinn scoileanna nua lán-Ghaeilge a oscailt sna 5–7 mbliana amach romhainn, cé nach bhfuil rochtain ag breis agus 90% den tír ar ghaelcholáiste.
Idir an dá linn, sa Bhreatain Bheag, chuir reachtaíocht ar an gcumas oideachas trí Bhreatnais fás ó bheagnach neamhní, go 23% inniu. Tá spriocanna acu chomh maith chun é seo a mhéadú go 40% agus ansin go 50%, sna 15–25 bliana amach romhainn.
Más mian le hÉirinn dul i dtreo na Breataine Bige, ní mór dár bpolaiteoirí gníomhú anois!
Trí thacú leis an ngairm reachtaíochcuisleta, cabhrófar lena chinntiú go mbeidh an bronntanas Gaeilge ag glúnta amach anseo.
Má thacaíonn tú lenár ngairm do ghníomh polaitiúil, líon isteach do chuid sonraí thíos agus seolfar ríomhphost ar do shon chuig do Theachtaí Dála áitiúla, leis na daoine seo a leanas curtha i gcóip: