Níl stádas na Gaeilge mar theanga oibre iomlán san Aontas Eorpach bainte amach go fóill, agus maolú ar úsáid na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa. Níl an cead céanna ag Feisirí Éireannacha príomhtheanga oifigiúil na hÉireann a labhairt mar atá ag Feisirí Eorpacha eile a dteangacha féin a úsáid faoi láthair, ceal postanna agus toisc cinntí maorlathacha, rud a d’fhéadfadh a bheith réitithe go héasca.
Tá impleacht ag seo ar fhostaíocht, ar stádas, ar fheiceálacht agus ar úsáid na Gaeilge. Mar bhallstát táimid ag díol isteach sa chiste chuige seo pé scéal, mar sin anois an t-am aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo.
Éilimid go mbeidh seo réitithe láithreach, agus Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag Éireann mí Iúil 2026.
Má thacaíonn tú leis an achainí seo, líon isteach do chuid sonraí thíos agus seolfar an ríomhphost seo a leanas ar do shon chuig na daoine seo a leanas: