Tá an feachtas seo thart anois. Le linn mí Mheán Fómhair 2026, d'úsáid 320 agaibh an uirlis seo chun teagmháil a dhéanamh le polaiteoirí chun cothrom na féinne a éileamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2027.
Ar an drochuair, méadú an-bheag a bhí ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i 2027. Is ionann an t-ardú ón Rialtas agus an t-ardú is lú in aon cháinaisnéis le dhá Rialtas anuas.
Fógraíodh go mbeidh €4.27 mhilliún sa bhreis in airgead reatha ag an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta le caitheamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Ag an am céanna, fógraíodh laghdú de €5 mhilliúin ar bhuiséad caipitil na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Níor fógraíodh aon airgead sa bhreis do TG4 tríd an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.
In 2026 fógraíodh €23m sa breis do Roinn na Gaeltachta agus €5.4m sa bhreis do TG4.
In ainneoin an spéis mhéadaitheach atá ag an bpobal sa Ghaeilge, beidh an Rialtas ag caitheamh céatadán níos lú de mhór-chiste an Stáit i 2027 (0.16%) i gcomparáid le 2026 (0.17%).
Is céim siar é seo, ní hé an dul chun cinn a theastaíonn ó phobail Ghaeltachta agus Ghaeilge.
Tá obair mhór fós le déanamh. Leanfaimid orainn ag éileamh cothrom na féinne don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
Coinnígí súil amach don chéad ghníomh eile againn ar Gníomh.ie!