

Tá sé d’aidhm ag AthGhaelú daoine a spreagadh le logainmneacha Gaeilge a úsáid in áit logainmneacha Béarla i ngach gné den saol. Is féidir do logainm a úsáid agus tú ag seoladh nó ag fáil poist, nuair a bhíonn tú i dteagmháil leis an Stát (Comhairlí, Ranna Rialtais, eagraíochtaí Stáit) agus dár ndóighe agus tú i mbun cainte!