A Airí, a chairde,
Tá mé ag déanamh teagmhála libh inniu maidir le Cáinaisnéis 2026, ag iarraidh oraibh cothrom na féinne a chinntiú do mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Is léir ó shracfhéachaint ar na figiúirí thar na blianta nár léiríodh uaillmhian ná níor tugadh tosaíocht cheart don Ghaeilge ná don Ghaeltacht riamh i gcaiteachas an stáit. Ó 2014 i leith, tá caiteachas an stáit ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta a bhaineann le Roinn na Gaeltachta sáinnithe ag 0.1% den bhuiséad go bliantúil. Tá droch-bhail ar chúrsaí maoinithe laistigh agus lasmuigh den nGaeltacht:
In 2003, bhí buiséad €17.2m ag Foras na Gaeilge, an eagraíocht tras-teorainn atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann. In 2024, is €17.5m a bhí mar bhuiséad acu. Le boilsciú san áireamh, tá 45% níos lú maoinithe ag Foras na Gaeilge ná mar a bhí acu 20 bliain ó shin - cé go bhfuil méadú mór tagtha ar líon na ngrúpaí pobail atá le maoiniú acu sa tréimhse céanna.
I gcodarsnacht le cruachás an Fhorais, tá fás as cuimse tagtha ar bhuiséad na Comhairle Ealaíon, áisíneacht stáit eile a dhéanann obair chomhchosúil: gheobhaidh an Chomhairle Ealaíon maoiniú €140m ón Rialtas i 2025. Is ionann méid maoinithe na Comhairle Ealaíon i mbliana agus 8 n-oiread an mhaoinithe a gheobhaidh Foras na Gaeilge. 20 bliain ó shin ní raibh sa bhearna seo ach 2.5 oiread maoinithe idir an dá áisíneacht.
Sa nGaeltacht, tá na corrcheantair ina maireann an Ghaeilge mar theanga labhartha phobail á mbánú ag an easpa tithíochta. Tá scoileanna ag dúnadh ar fud na gceantar Gaeltachta de bharr lánúin agus teaghlaigh óga á mbrú amach ceal tithíochta, agus deacrachtaí ag clubanna spóirt foirne fé aois a chur chun páirce mar nach bhfuil na huimhreacha ann.
Tá tionchar na géarchéime le brath sna figúirí Daonáirimh chomh maith, a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge sa Ghaeltacht á creimeadh go leanúnach: idir 2011 agus 2022, tháinig laghdú 12.8% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht.
Iarraim oraibh an ganntanas airgid agus an easpa tacaíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a chur ina cheart i gCáinaisnéis 2026. Tá riachtanais mhaoinithe aitheanta ag 130+ grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus eile sa Plean Fáis, agus tacaím leis an éileamh atá acu:
Go gcuirfí €55m sa bhreis ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2026.
San áireamh sa mhaoiniú breise seo, bheadh:
- €24.5m sa bhreis d’Údarás na Gaeltachta agus don Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail & Gaeltachta d’infheistíocht sa nGaeltacht
- €19.3m sa bhreis d’Fhoras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta d’infheistíocht agus tacaíochtaí lasmuigh den nGaeltacht
- €11.2m sa bhreis don Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt
Tá cur síos agus míniú ar an gcaiteachas seo ar fáil anseo agus iarraim oraibh é seo a chur san áireamh agus bhur meastacháin á réiteach agaibh.
Dé Sathairn, 20 Meán Fómhair 2025 chuaigh na mílte chun sráide i mBaile Átha Cliath do CEARTA: Agóid Náisiúnta na nGael agus iad ag seasamh an fhóid dár dtodhchaí, dár bpobal, agus dár gcearta. Tacaím leo. Anois an t-am an infheistíocht chuí a dhéanamh sa nGaeilge agus sa nGaeltacht.
Le meas,
[d'ainm]
[do sheoladh ríomhphoist]
[do dháilcheantar]